- Bachelor
- Language and culture
- English
- Online
Apply now
An Ghaeilge sa Chleachtas Gairmiúil 2 / Irish for Professional Practice 2 - Module GA3042
English version below
An aidhm leis an modúl seo ná na mic léinn a ullmhú chun an Ghaeilge a úsáid go gníomhach sa chomhthéacs gairmiúil. Dianchúrsa teanga atá ann. Pléitear leis na scileanna teanga ar fad agus le téamaí coitianta teanga sa ghnáthshaol oibre. Bíonn deis ag mic léinn díriú ar an sainteanga a bhaineann leis an gcleachtas gairmiúiil. Leagtar an bhéim ar an bhfeasacht chultúrtha agus ar fhéinfheasacht an fhoghlaimeora teanga chomh maith. Bunsprioc ná an rannpháirtí a mhealladh agus a mhisniú chun níos mó Gaeilge a úsáid de réir a chéile ina (h)ionad oibre.
The aim of this module is to prepare students to actively use Irish in their professional context. It is an intensive language course. All language skills are developed, and common language themes in everyday working life are dealt with. Students focus on specific terminology relating to the professional setting. Cultural awareness and language learner self-awareness are also developed. The primary goal is to encourage and develop the confidence of participants to gradually use more Irish in the workplace
English version below
Ag labhairt faoi do chleachtas ghairmiúil; cur síos ar sheirbhísí agus ar fhreagrachtaí; treoracha; ag labhairt faoi fhéidearthachtaí; réiteach fadhbanna; an idirbheartaíocht agus argóint; cruinnithe; an bhainistíocht ama; bainistíocht togra; logainmneacha agus sloinnte na hÉireann; ag scríobh litreacha agus r-phostanna; ag scríobh don ghréasán; agus, ag scríobh do na meáin shóisialta. Díreofar ar an ngramadach agus ar an ngramadach i gcomhthéacs na dtoipicí ar fad.
Talking about your professional practice; describing services and responsibilities; giving directions; exploring possibilities; problem solving; mediation and conflict management; meetings; time management; project management; Irish place names and surnames; writing letters and e-mail; writing for the web; writing for social media. Grammar and language accuracy will be addressed in the context of the MicroCred topics.
English version below
Ní mór d’iarratasóirí nach mic léinn reatha de chuid OL nó mic léinn lánfhásta iad an Ardteistiméireacht (nó cáilíocht aitheanta eile atá ar chomhchéim léi) a bheith bainte amach acu le sé ábhar ar a laghad tráth an chláraithe. Caithfear na riachtanais seo a leanas a chomhlíonadh: dhá ghrád H5 (Ardleibhéal), ceithre ghrád O6 (Gnáthleibhéal) nó ceithre ghrád H7 (Ardleibhéal). Ní mór go mbeidh na hábhair seo a leanas san áireamh: Matamaitic, Gaeilge nó teanga eile, agus Béarla. Glactar le grád F6 sa Mhatamaitic Bhunleibhéil mar chomhlíonadh ar na híosriachtanais iontrála. Tá grád H4 sa Ghaeilge nó leibhéal B1 de TEG mar bhunriachtanas agus moltar do gach iarratasóir triail a bhaint as an áis Triail Socrúcháin Ar Líne chun a leibhéal a mheas agus a dheimhniú. Féadfaidh mic léinn reatha Ollscoil Luimnigh iarratas a chur isteach freisin.
Applicants who are not current UL or mature students are required to hold, at the time of enrolment, the established Leaving Certificate (or approved equivalent) with a minimum of six subjects. These must include: two H5 (Higher) grades and four O6 (Ordinary) grades or four H7 (Higher) grades. Subjects must include Maths, Irish or another language, & English. Grade F6 in Foundation Maths also satisfies minimum entry requirements. A minimum H4 grade in Irish or TEG B1 is required, and applicants should take the Online Placement Test to assess and confirm their level. Current University of Limerick students may also apply.
English version below
Beidh formhór na n-iarratasóirí ina mic léinn lánfhásta (23 bliain d’aois nó níos sine ar an 1 Eanáir sa bhliain chláraithe).
The majority of applicants will be mature students (23 years or over on 1 January, year of registration).
-
When applying, be sure to include the Module Code GA3042. We can’t process your application without it. You can apply for more than one module using the same application.
-
By applying, you confirm that you meet the entry requirements and can take part in the course and its assessments.
-
€500 in aghaidh na bliana
Further information on fees and payment of fees is available on the Student Fees Office website. All fee-related queries should be directed to the Student Fees Office